Jimmy Crowley - Bímis ag Ól

Tráthnóinín fhomhair ar leathtaoibh a róid
Do dhearcas an óig-bhean mhóthmharach deas
Comh blasta is cóir do leabhair a beól
Ó téanam ag ól agus díolfhaid-sa as

Agus bímis ag ól, is ag ól, 's ól
Bímis ag ól is ag pógadh na mban
Bímis ag ól is ag rince le ceol
Is nach aoibhinn an gnó bheith á bpógadh gan tart.

Bhí tábhairne san áit, gan mhoill orainn dul sall
I gcomhluadar galánta ag diúgadh gan stad
Puins dúinn ar bord is ea d'ordaigh mo stór
Agus bímis go ceolmhar go nglaofaidh an coileach

Agus bímis ag ól, is ag ól, 's ól
Bímis ag ól is ag pógadh na mban
Bímis ag ól is ag rince le ceol
Is nach aoibhinn an gnó bheith á bpógadh gan tart.

Bhí an Spéirbhean lem'ais go luisnitheach geal
A beola caordhearg, braon branda ina glaic
Do phógas á beól is gur fonnmhar a póg
“Tóg bog é, a stúmpa, nó díolfaidh tú as!”

Agus bímis ag ól, is ag ól, 's ól
Bímis ag ól is ag pógadh na mban
Bímis ag ól is ag rince le ceol
Is nach aoibhinn an gnó bheith á bpógadh gan tart.

Bhuail fear liom inné is é ag ól cupán tae
Is é a bhí go tréith agus breoite go maith
Dá n-ólfadh sé taosc de phoitín Chúil Aodhán
Níorbh fhada dó ag léimt is ag tóraíocht na mban

Agus bímis ag ól, is ag ól, 's ól
Bímis ag ól is ag pógadh na mban
Bímis ag ól is ag rince le ceol
Is nach aoibhinn an gnó bheith á bpógadh gan tart.

Sinn sínte go sóch tar éis ionad den ól
Ach ar buile a dó, ar an ndoras do bhuail cnag
An Sáirsint ar toir, barántas ina dhóid
Ach d'éalaigh gach geocach thar clathacha amach

Agus bímis ag ól, is ag ól, 's ól
Bímis ag ól is ag pógadh na mban
Bímis ag ól is ag rince le ceol
Is nach aoibhinn an gnó bheith á bpógadh gan tart.

Add comment to Jimmy Crowley - Bímis ag Ól


Most populer Jimmy Crowley songs

Most populer songs