Joe Heaney - Anach Chuain

Má fháighimse sláinte is fada a bheas tráchtadh
ar an méid a báthadh ó Anach Cuain.
Mo thrua amáireach gach athair a's máthair,
Bean a's páiste atá ag sileadh súl.
A Rí na nGrásta a cheap neamh a's párthas,
a Dhia, cér chás dúinn beirt nó triúr,
Ach lá chomh breá leis, gan gaoth ná báisteach,
ó, lán an bháid a scuabadh ar siúl.

Nár mhór an t-ionach os comhair na ndaoine
iad a fheiceáil sínte ar chúl a gcinn
Screadach is caoineadh a scanródh daoine,
bhí gruaig dá cíoradh is an chreach dá roinnt.
Bhí buachaillí óga ann, ag tigheacht don fhómhar,
dhá síneadh ar chróchair ‘s dhá dtabhairt go cill;
Ba é gléas a bpósta a bhí dhá dtórramh,
ach a Rí na Glóire, nár mhór an feall.

Baile Cláir a bhí in aice láime
Níor lig an t-ádh dhóibh a dhul aníos;
Bhí an bás chomh láidir, níor thug sé cairde
d'aon mhac máthar dár rugadh riamh;
Bhris an bád a's báthadh na daoine,
scaip na caoirigh anonn sa snámh,
A Dhia, nach ansin a bhí an feall mór déanta
ar aon fhear déag a's ochtar mná.

Ansiúd Dé hAoine ‘sea chluinfeá an caoineadh
ag teacht gach taobh dhíot a's ag greadadh bos
A's an lá thar oíche trom tuirseadh claoíte
gan ceo le déanamh ach ag síneadh corp.
A Dhia ‘s a Chríost a d'fhulaing íobairt
a cheannaigh go fírinneach an bocht ‘s an nocht
Go párrthas naofa go dtugair saor leat
gach créatúr díobh dhár thit faoin lot.

Loscadh sléibhe agus scalladh cléibhe
ar an áit ar éagadar is milleán crua;
Is iomaí créatúr a d'fhág sé ag géarghol,
ag gol ‘s ag éagaoin gach maidin Luain;
Ní díobháil eolais a chuir dá dtreo iad
ach mí-ádh mór a bhí sa gCaisleán Nua.
Is é críochnú m'amhráin gur báthadh mórán
a d'fhág ábhar dóláis in Anach Cuain.

Joe Heaney - Anach Chuain için yorum ekle !


En popüler Joe Heaney şarkı sözleri

En popüler şarkı sözleri